Tagann an focal 'ingredients' roimh an liosta agus úsáidtear ainmneacha coitianta na gcomhábhar (INCI). Liostaítear comhábhair in ord íslitheach meáchain ag an am a gcuirtear leis iad; is féidir iad siúd faoi bhun 1 % a liostú in ord ar bith. Is féidir dathanna a liostú in ord ar bith i ndiaidh na gcomhábhar eile.
Liostaítear comhdhéanamh cumhráin agus blaistithe mar 'parfum' nó 'aroma', agus leanann '(nano)' nana-ábhair.